Cúig réalta Zafira
Tá an rátáil cúig réalta is airde faighte ag an Opel Zafira nua maidir le sábháilteacht paisinéirí i dtástálacha tuairteála Euro NCAP.
Tá an rátáil cúig réalta is airde faighte ag an Opel Zafira nua maidir le sábháilteacht paisinéirí i dtástálacha tuairteála Euro NCAP.
Tá sé cruthaithe freisin go bhfuil Zafira sábháilte do leanaí. Fuair an carr ceithre réalta as na paisinéirí is lú a chosaint. Ina theannta sin, comhlíonann an fheithicil cheana féin na treoirlínte um shábháilteacht coisithe atá tagtha i bhfeidhm san AE ó Dheireadh Fómhair 2005 i leith.
Eagraíocht neamhspleách a bunaíodh i 1997 is ea Euro NCAP (Clár Measúnaithe Gluaisteán Nua na hEorpa). Cinneann sé leibhéal sábháilteachta na ngluaisteán nua ar an margadh. Déantar tástálacha Euro NCAP trí cheithre chineál imbhuailtí a insamhladh: imbhuailtí tosaigh, taobh, cuaille agus imbhuailtí coisithe.